
Liam Ó Maonlaí of the Hothouse Flowers who features at the Imbolc gathering in Ballyvourney this weekend and music composer Peadar Ó Riada who spoke at the inaugural Imbolc confernece in 2010, pictured here at the Féile na Laoch Seán Ó Riada commemoration festival in Cúil Aodha last August. Pic: Seán Ó Loingsigh
le Seán Ó Loingsigh
Cuirfear tús le tionól Imbolc san Ionad Cultúrtha i mBaile Bhúirne ar an Aoine bheag seo le ceolchoirm le réalt na Hothouse Flowers Liam Ó Maonlaí.
Beidh Ó Maonlaí mar chainteoir chomh maith ag comhdháil an tionóil i rith an lae Dé Sathairn san Ionad Cultúrtha, áit a labharfaidh ochtar aoichainteoirí in iomláine ar ábhair a bhaineann le téama Inspioráid na Bliana seo.
Cuirfidh an réalteolaí Diarmuid de Búrca, iarchéimí le réaltfhisic in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, síos ar na rabhcháin réalt ar a dugtar pulsáir – “na rudaí is iontaí agus is aite sa chruinne,” dar le stiúrthóir Imbolc Tomás Ó hAodha.




















