Seán Ó Loingsigh
Chuir údaráis áitiúla €150,000 ar fáil le haghaidh chostas scrúdaitheoireachta chomlacht Fastnet Line a bhí i bhfeighil seirbhís farantóireachta Chorcaigh-Swansea.
I mí na Samhna anuraidh cuireadh an grúpa comhlachtaí Fastnet Line faoi chúram scrúdaitheora san Ardchúirt tar éis do gach seoladh den seirbhís farantóireachta a bheith curtha ar ceal.
Theip ar iarrachtaí le déanaí scéim tacaíochta airgeadais a chur le chéile chun an tseirbhís farantóireachta a athsheoladh.
Tháinig an próiseas scrúdaitheoireachta chun críche san Archúirt coicíos ó shin nuair a cuireadh in iúl go mbeadh ceithre cinn de chomlachtaí an ghrúpa á gcur faoi chúram glacadóra agus go raibh trí cinn eile le leachtú.
Tá sé tugtha le fios ag Comhairle Chontae Chorcaí gur chuir an Chomhairle €65,000 ar fáil do scrúdaitheoireacht Fastnet Line.
Thug urlabhraí Chomhairle Chontae Chorcaí le fios mura mbeadh maoiniú ag an ngrúpa Fastent Line an próiseas scrúdaitheoireachta a chur i gcrích go raibh an grúpa chun a bheith leachtaithe láithreach i mí na Samhna anuraidh, agus gur theastaigh ón gComhairle a chinntiú go dtabharfaí gach deis chun an tseirbhís farantóireachta a shábháil.
Ag cruinniú de Chomhairle Cathrach Chorcaí cuireadh in iúl gur chuir an Chomhairle Cathrach €65,000 ar fáil don gcostas scrúdaitheoireachta, agus tá sé tugtha le fios ag Comhairle Chontae Chiarraí gur chuireadar san €20,000 ar fáil don bpróiseas.
D’infheistigh Comhairle Chontae Chorcaí €365,000 in iomláine i ngnó bhád farantóireachta Chorcaigh-Swansea ó ceanaíodh an long MV Julia trí bliana ó shin le haghaidh na seirbhíse.
Chuir Comhairle Cathrach Chorcaí €365,000 ar fáil chomh maith don dtionscadal turasóireachta, agus €120,000 a chuir Comhairle Chontae Chiarraí ar fáil in iomláine.
I 2009 fuair Comhar Turasóireachta Iarthar Chorcaí iasacht €7.8 milliún ó Bhanc Aktia sa bhFionlainn chun an long MV Julia a cheannach ón mbanc céanna a bhí i seilbh na loinge ó theip ar ghnó farantóireachta idir Helsinki agus St Petersburg na Rúise.
Thug Cathaoirleach Chomhar Turasóireachta Iarthar Chorcaí, Noel Murphy, le fios go raibh fiacha fós orthu maidir le €5.9 milliún den iasacht bainc.
Meastar go gceapfaidh Banc Aktia glacadóir le haghaidh cheithre chomhlacht de chuid ghrúpa Fastnet Line a bhí i bhfeighil na seirbhíse farantóireachta.
Tá trí chomhlacht sa ghrúpa a bhain le bainistíocht na loinge agus le feidhmiú an ghnó sa Bhreatain chun a bheith leachtaithe.






















